Oibreacha leictreachais i do theach
Ba chóir duit Conraitheoir Cláraithe Leictreachais (CCL) a úsáid chun obair leictreachais a dhéanamh i do theach. Sin a deir an dlí.
Leictreachas Sábháilte
Áirítear leis an scéim Leictreachas Sábháilte gach Conraitheoir Cláraithe Leictreachas (CCL) a oibríonn in Éirinn. Is tríd an scéim a rialaíonn an CRF gach Conraitheoir Cláraithe Leictreachais.
Cinntíonn an scéim Leictreachas Sábháilte gur gá do Chonraitheoirí Cláraithe Leictreachais:
- cloí le caighdeáin náisiúnta agus le rialacha teicniúla
- cumas teicniúil bheith acu chun an obair a dhéanamh
- árachas bheith acu
Aimsigh Conraitheoir Cláraithe Leictreachais ar Leictreachas Sábháilte
Teastais Chríochnaithe
Tar éis do Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais obair a chríochnú i do theach, ní mór dó/di Teastas Críochnaithe a thabhairt duit. Léiríonn sé seo go bhfuil a c(h)uid oibre sábháilte agus chomh maith leis an gcothrom. Ba cheart duit teastas críochnaithe a iarraidh i gcónaí le haghaidh aon oibreacha leictreachais a dhéantar i do theach.
Gearán a dhéanamh faoi Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais
Is féidir gearán a dhéanamh faoi Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais, más amhlaidh:
- nach bhfuil tú sásta le caighdeán teicniúil/sábháilteachta na hoibre
- nach bhfuair tú Teastas Críochnaithe
- go ndiúltaíonn an conraitheoir Teastas Críochnaithe a thabhairt duit
Gearán a dhéanamh le Leictreachas Sábháilte faoi Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais
Tuairiscigh oibreacha mídhleathacha
Cabhraigh linn cách a choimeád slán. Más dóigh leat duine nach Conraitheoir Cláraithe Leictreachas é/í bheith ag déanamh obair leictreachais i dtithe, ba chóir duit é seo a thuairisciú do Leictreachas Sábháilte. Ba cheart duit tuairisciú a dhéanamh freisin ar aon duine a chuireann síos air/uirthi féin ar bhealach a thugann le tuiscint gur CCL é/í.