Aonocsaíd Charbóin
Gás nimhiúil is ea aonocsaíd charbóin a d’fhéadfadh tarlú nuair a dhónn tú ola, gás, gual nó móin. Tá sé tábhachtach tú féin agus do theaghlach a chosaint an dainséar a bhaineann le haonocsaíd charbóin.
Fan slán ó aonocsaíd charbóin
Níl aon dath, boladh ná blas ag aonocsaíd charbóin. Má dhéantar é análú, d’fhéadfaidh sí a bheith ina cúis le breoiteacht, caillteanas comhfhiosachta, nó bás fiú. Déan do theach agus agus do shláinte a chosaint ón ngás contúirteach seo.
Déan aláram aonocsaíd charbóin a shuiteáil
Is í an chéim is tábhachtaí chun do theaghlach a chosaint ó aonocsaíd charbóin i do theach ná aláram aonocsaíd charbóin nó dhó a shuiteáil. D’fhéadfadh aláram aonocsaíd charbóin simplí do shaol a shábháil.
Ba cheart go mbeadh d’aláram:
- Ag comhlíonadh Caighdeáin Eorpaigh EN 50291
- Ag léiriú an chomhartha CE agus comhartha teastais neamhspleách
- Le táscaire ‘ré caite’
- Ag déanamh fuaime nuair a bhuaileann an t-aláram
Féadtar leat aláraim aonocsaíd charbóin a cheannach i bhformhóir na siopaí DIY agus na siopaí baile. Lean treoracha an déantúsóra nuair atáthar á shuiteáil.
Coimeád do ghléasanna breosladhó slán
- Déan deimhin de go ndéanann suiteálaí cáilithe/cláraithe do ghléasanna breosladhó a shuiteáil.
- Déan do choire agus aon ghléas breosladhó eile a sheirbhísiú gach bliain.
- Bain úsáid as gníomhaire seirbhíse cáilithe do do chineál breosla.
- Scuab do shimléar gach bliain.
- Coimeád do mhúcháin agus do shimléir glan.
- Ná cuir aon ní sa bhealach ar aerálaithe seomra.
- Déan deimhin de nach gcuireann aon obair fhoirgníochta as do shocruithe aerálaithe nó múcháin atá ann cheana.
- Bain úsáid as gléasanna mar is ceart agus dá gcuspóir beartaithe.
- Ná bain úsáid as gléasanna a cheapann tú go bhfuil lochtach.
- Má dhéanann tú adhmad nó pailléid bhithmhaise a stóráil, déan deimhin de go bhfuil an stóras aeráilte go maith.
Comharthaí d’aonocsaíd charbóin i do theach
Is iad seo ar fad comharthaí d’aonocsaíd charbóin.
- Smálú, súiche nó drochdhath timpeall gléas breosladhó.
- Comhdhlúthú ar d‘fhuinneoga agus/nó ballaí nuair atá gléas breosladhó ar siúl.
- Boladh ait nuair atá gléas breosladhó ar siúl. Cé nach bhfuil boladh ag aonocsaíd charbóin, d’fhéadfadh boladh a bheith ag múch eile atá á dhó agus a bheith mar chomhartha.
- Gléas gásach le lasair bhuí nó oráiste seachas gorm.
Timireacht na Míosa
Cuireann Tommy agus Drimnagh i gcuimhne dúinn ár n-aláram míosúil a sheiceáil gach mí.
Timireacht na Míosa
Cuireann Tommy agus Drimnagh i gcuimhne dúinn ár n-aláram míosúil a sheiceáil gach mí.
Aonocsaíd Charbóin
Cad is Féidir Déanamh Nuair A Bhuaileann d’Aláram?
Aonocsaíd Charbóin
Cad is Féidir Déanamh Nuair A Bhuaileann d’Aláram?