Méadair Réamhíoctha agus Íoc-Mar-a-Úsáidtear (PAYG)
Tá méadair réamhíoctha agus PAYG éagsúil ó mhéadair chreidmheasa. Faigh amach conas a oibríonn siad agus má tá siad in oiriúint do do riachtanais.
Méadair leictreachais agus gháis
Tá méadair suiteáilte ag gach teach chun an méid leictreachais agus gáis a úsáidtear a thomhas.
Tá dhá chineál méadar ar fáil.
- Méadair chreidmheasa
- Méadair Réamhíoctha nó Íoc-Mar-a-Úsáidtear
Méadair Chreidmheasa
Tá méadar creidmheasa ag formhór na gcustaiméirí leictreachais agus gáis. Léitear nó meastar na méadair seo ionas gur féidir le do sholáthraí fuinnimh bille a thabhairt duit le haghaidh úsáide. Is gnách go bhfaigheann custaiméirí ar mhéadair chreidmheasa bille gach dhá mhí don leictreachas agus don ghás a d’úsáid siad laistigh den dá mhí roimhe sin.
Méadair Réamhíoctha nó Íoc-Mar-a-Úsáidtear (PAYG)
Féadfaidh tú iarraidh go gcuirfí méadar réamhíoca isteach i do theach. Murab ionann agus méadar creidmheasa, le méadar réamhíoca íocann tú as leictreachas nó gás sula n-úsáideann tú é trí bhreis creidmheasa a chur ar do chuntas nó ar do chárta. Tá go leor bealaí ann chun breis creidmheasa a chur ar do chuntas. Is féidir leat rogha a dhéanamh idir córas ar líne, i siopaí áirithe agus trí théacs.
Ní fhaigheann tú aon bhillí. Ina ionad sin cuirfidh do sholáthraí fuinnimh ráiteas PAYG ar fáil duit. Féadfaidh siad iad a sheoladh cúpla uair sa bhliain, ag brath ar do sholáthraí.
Le méadair réamhíoctha, is féidir leat do chuid airgid a bhuiséadú agus a bhainistiú.
- Íocann tú do chostais fuinnimh roimh ré.
- Ní fhaigheann tú billí móra gan choinne.
D’fhéadfadh táillí breise a bheith i gceist le roinnt méadar réamhíoca. Ba cheart duit na táillí a athbhreithniú agus tú ag smaoineamh ar aistriú go méadar réamhíoca.
Tá dhá chineál méadar Réamhíoctha/PAYG ar fáil.
- Iad siúd ar leis na cuideachtaí líonra iad agus atá suiteáilte go ginearálta do chustaiméirí a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu (méadair PAYG cruatain airgeadais). Ní bheidh ach méadar amháin de thaifead ann.
- Iad siúd ar leis na soláthraithe iad agus atá suiteáilte do chustaiméirí ar fearr leo méadair Réamhíoctha/PAYG (méadar PAYG rogha stíl mhaireachtála). Beidh dhá mhéadar ag na custaiméirí seo; an príomhmhéadar de thaifead atá faoi úinéireacht na cuideachta líonra (suite lasmuigh den teach de ghnáth) agus an dara méadar laistigh den teach. Fágann sé sin, i gcás aon díospóide a bheith ann, is é an méadar líonraí an ceann a úsáidtear chun d'úsáid a ríomh. Tá freagracht ar do sholáthraí a áirithiú go sainaithnítear go luath aon difríocht idir an méadar líonra agus an méadar PAYG agus go gcuirtear é sin in iúl duit.
Nuair nach bhfuil méadair réamhíoctha oiriúnach
Murar féidir le custaiméirí breis creidmheasa a choinneáil ar an méadar réamhíoctha, d’fhéadfadh sé dínascadh. Mar gheall air seo, níl méadair PAYG oiriúnach do na custaiméirí seo a leanas:
- iad siúd atá leochaileach maidir lena sláinte
- iad siúd a mbeadh deacrachtaí acu breis creidmheasa a chur ar a méadar.
Faigh tuilleadh eolais faoi chustaiméirí leochaileacha agus faoi na cosaintí atá i bhfeidhm ag CRF dóibh le soláthraithe.