Athraigh Soláthraí Fuinnimh
An bhfuil tú ag smaoineamh ar do sholáthraí fuinnimh a athrú? Tá sé saor in aisce agus furasta a dhéanamh. Taispeánann ár dtreoir duit cé chomh furasta agus atá sé do ghás agus leictreachas a athrú.
Sula dtosaíonn tú
Déan cinneadh maidir le haistriú go gás, go leictreachas, nó go débhreosla (an dá cheann). Beidh an t-eolas seo a leanas de dhíth ort chun do sholáthraí fuinnimh a athrú.
- I gcás leictreachais, d’Uimhir Chlárúcháin Méadarphointe (MPRN)
- I gcás gáis, Uimhir Chlárúcháin Gásphointe (GPRN)
- Léamh méadair atá cothrom le dáta chun a chinntiú go dtugtar bille cruinn duit
Is féidir teacht ar do MPRN agus do GPRN ag barr leathanach do bhille.
Céim 1 – faigh do chuid sonraí
Cabhróidh an t-eolas seo leat an margadh is fearr a fháil agus tú ag athrú. Is féidir é a aimsiú ar do bhille fuinnimh nó trí theagmháil a dhéanamh le soláthraí fuinnimh.
- an méid gáis nó leictreachais atá in úsáid agat anois
- más custaiméir fuinnimh tú agus má tá tú ag smaoineamh ar bhogadh go taraif Am Úsáide (a bhaineann le Méadair Chliste), is maith an smaoineamh é a mheas ‘cathain’ a úsáideann tú an chuid is mó de do leictreachas agus taraif a roghnú a oireann do próifíl d’úsáide.
- an méid a íocann tú anois
- má tá tú ar chonradh téarma seasta, faigh amach cathain a chríochnóidh sé. Níl táille ar bith ann nuair a athraíonn tú le soláthraí eile, ach d’fhéadfaí go ngearrfaí táille ort má bhriseann tú conradh téarma seasta.
Céim 2 – labhair le do sholáthraí
Ní bheidh do sholáthraí reatha ag iarraidh go n-athróidh tú. Déanfaidh siad iarracht tú a choinneáil mar chustaiméir agus d'fhéadfadh siad margadh níos fearr a thairiscint duit.
Sula n-athraíonn tú, fiafraigh de do sholáthraí:
- an féidir leo margadh nó plean praghais níos fearr a thairiscint duit
- cén lascainí atá ar fáil do chustaiméirí reatha
Céim 3 – cuardaigh thart
Tá go leor soláthraithe gáis agus leictreachais ann atá ag lorg custaiméirí nua.
Chun an margadh is fearr a fháil ba cheart duit:
- Súil a chaitheamh ar na pleananna praghais atá á dtairiscint ag soláthraithe éagsúla
- leas a bhaint as suíomh gréasáin um chomparáid praghsanna saor in aisce chun an cuardach a dhéanamh níos éasca ort
Chomh maith leis an bpraghas, ba cheart duit smaoineamh ar:
- an tslí ar mhaith leat an bille a fháil - ar pháipéar nó ar líne
- na modhanna íocaíochta atá á dtairiscint
- an bhfuil táillí luathimeachta i bhfeidhm ag an soláthraí nua
- an bhfuil tú in ann aisairgead nó dreasachtaí eile a fháil
- leibhéal na seirbhíse custaiméara a thairgtear
Céim 4 – roghnaigh
Tá tú tar éis cuardach thart a dhéanamh agus tá cinneadh déanta agat maidir leis an bplean praghais agus an soláthraí a oireann duit. Anois, tá tú réidh chun:
- dul i dteagmháil le do sholáthraí roghnaithe
- a dheimhniú go bhfuil tú ag iarraidh athrú leo
Má tá suíomh gréasáin um chomparáid praghsanna in úsáid agat, déanfaidh siad é sin ar fad duit. Cuimhnigh a rá leis an soláthraí nua má tá custaiméir leochaileach sa teaghlach.
Cad a tharlaíonn ina dhiaidh sin
Nuair a athraíonn tú le soláthraí eile, bíonn tréimhse mharana 14 lá ann. Is éard is ciall leis sin ná go bhfuil 14 lá agat d’intinn a athrú agus an t-aistriú a chur ar ceal gan phionós. Tháinig An tAcht um Chearta do Thomhaltóirí 2022 i bhfeidhm an 29 Samhain 2022, chuir sé síneadh leis an tréimhse mharana do ‘chianchonarthaí’ nó ‘conarthaí seacháitribh’ ó 14 lá go 30 lá.
Ní cheart go mbeadh do sholáthraí teanntásach ná ag cur brú ort conradh a shíniú. Glac do chuid ama agus déan mionmhachnamh ar an tairiscint. Bí cinnte na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gconradh a léamh.
Ag deireadh na tréimhse marana:
- Inseoidh do sholáthraí nua é sin do d’iarsholáthraí.
- Gheobhaidh tú litir fáilte ó do sholáthraí nua.
- Gheobhaidh tú bille deiridh ó d’iarsholáthraí.