Scéimeanna Suiteálaithe Cláraithe Gáis (SCG) agus Leictreachais Sábháilte
Ní mór do chonraitheoirí leictreachais agus suiteálaithe gáis a bheith cláraithe leis an Scéim Leictreachais Sábháilte nó le Scéim Suiteálaithe Cláraithe Gáis (Scéim SCG). Is é sin an dlí.
Ní mór do chonraitheoir leictreachais nó suiteálaí gáis a bheith cláraithe mar seo a leanas chun obair a dhéanamh on Éirinn:
- Conraitheoir Cláraithe Leictreachais leis an Scéim Leictreachais Sábháilte.
- Suiteálaí Cláraithe Gáis leis an Scéim Suiteálaithe Cláraithe Gáis.
Oibríonn na scéimeanna sin thar ceann an Choimisiúin um Rialáil Fóntais (CRF).
Rialú sábháilteachta do chonraitheoirí leictreachais
Is é Leictreachas Sábháilte an scéim rialála dlíthiúil do chonraitheoirí leictreachais.
Ritheann an Comhlacht Maoirseachta um Shábháilteacht Leictreachais é don Choimisiún um Rialáil Fóntais (CRF). Bíonn an Chomhlacht Maoirseachta um Shábháilteacht Leictreachais ag plé leis an méid seo a leanas:
- Oibríocht laethúil na scéime Leictreachais Sábháilte.
- Leagann an Cháipéis Critéar Maoirseachta Sábháilteachta Leictreachais amach na rialacha sonraithe agus na hoibleagáidí do rannpháirtithe atá ag oibriú laistigh den scéim Leictreachais Sábháilte.
- Iarratais cláraithe ó chonraitheoirí leictreachais a phróiseáil.
- Measúnú a dhéanamh ar Chonraitheoirí Cláraithe Leictreachais lena chinntiú go bhfuil siad ag obair chuig caighdeáin sábháilteachta náisiúnta agus na Rialacha Náisiúnta do Shuiteálaithe Leictreachais (ET 101).
- ‘Teastais Chríochnaithe Dáilte’ a phróiseáil nach mór do Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais a thabhairt do chustaiméirí nuair atá na hoibreacha leictreachais curtha i gcrích.
- Fadhbanna a réiteach agus imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a fhaightear ón bpobal maidir le Conraitheoirí Cláraithe Leictreachais.
Bíonn an CRF ag plé leis an méid seo a leanas:
- Cinntí polasaithe maidir le sábháilte leictreachais.
- Oibríocht foriomlán na scéime Leictreachais Sábháilte.
- Gníomhaíochtaí forfheidhmithe ar nós ionchúisimh in aghaidh conraitheoirí neamhchláraithe leictreachais.
- Athbhreithniú ar achomhairc ó iarrthóirí faoi chinntí clárúcháin ag Leictreachas Sábháilte.
- Athbhreithniú ar achomhairc ó dhaoine faoi láimhseáil gearán Leictreachas Sábháilte.
Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun Conraitheoir Cláraithe Leictreachais a fháil:
- tabhair cuairt ar Leictreachas Sábháilte
- call (091) 480974
- ríomhphost info@safeelectric.ie.
oibreacha leictreachais mídhleathacha
Téigh i dteagmháil le Leictreachas Sábháilte má cheapann tú go bhfuil duine nach bhfuil cláraithe mar Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais ag déanamh an méid seo a leanas:
- ag déanamh oibreacha leictreachais ar theach baile
- ag déanamh cur síos orthu féin ar bhealach a thugann le fios go bhfuil siad ina gConraitheoir Cláraithe Leictreachais.
Déan oibreacha leictreachais mídhleathacha amhrasta a thuairisciú le Leictreachas Sábháilte.
Déan gearán faoi Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais le Leictreachas Sábháilte.
Grúpaí páirtí leasmhara
Tugann na coistí seo a leanas comhairle don scéim Leictreachais Sábháilte:
- Cuireann an Coiste Leictreachais Sábháilte daoine ar an eolas faoi rioscaí leictreachais. Cuireann sé bearta chun cinn chun timpistí mar gheall ar an leictreachas a sheachaint. Tugtar TC5 ar an gCoiste - Sábháilteacht leictreachais agus staitisticí le haghaidh timpistí agus tinte mar thoradh ar an leictreachas.
- Tugann Painéal Athbhreithnithe Critéar na gConraitheoirí Leictreachais (ECCRP) comhairle don CRF maidir le hathruithe molta ar Leagan Cáipéise Critéar Maoirseachta Sábháilteachta Leictreachais.
- Soláthraíonn Coistí Leictriteicniúla an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) an obair caighdeánaithe teicniúil. Coinníonn NSAI líonra Coistí Teicniúla a chlúdaíonn go leor réimsí leictriteicneolaíocht agus tá freagracht dhíreach aige ar chothabháil chóras náisiúnta na gcaighdeán suiteálaithe leictreachais.
Féach Clár Caighdeán Leictriteicniúil NSAI.
Rialáil sábháilte suiteálaithe gáis
Is é an scéim Suiteálaithe Cláraithe Gáis an scéim rialála dlíthiúil do shuiteálaithe gáis.
Ritheann an Comhlacht Maoirseachta Sábháilteachta Gáis (GSSB) é thar ceann an CRF. Tá freagrachtaí éagsúla ag GSSB agus CRF.
Bíonn an GSSB ag plé leis an méid seo a leanas:
- Oibríocht laethúil na scéime Suiteálaithe Cláraithe Gáis.
- An Cháipéis Critéar Maoirseachta Sábháilteachta Gáis a leagann amach na rialacha sonraithe agus na hoibleagáidí do rannpháirtithe atá ag oibriú laistigh den scéim Suiteálaithe Cláraithe Gáis.
- Iarratais cláraithe ó shuiteálaithe gáis a phróiseáil.
- Measúnú a dhéanamh ar Shuiteálaithe Cláraithe Gáis lena chinntiú go bhfuil siad ag obair chuig caighdeáin sábháilteachta náisiúnta.
- ‘Dearbhú Deimhnithe Comhréireachta’ (Dearbhú Críochnaithe) a phróiseáil nach mó do Shuiteálaí Cláraithe Gáis a thabhairt do chustaiméirí chomh luath is atá na hoibreacha gáis críochnaithe.
- Fadhbanna a réiteach agus imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a fhaightear ón bpobal maidir le Suiteálaithe Cláraithe Gáis.
Bíonn an CRF ag plé leis an méid seo a leanas:
- Cinntí polasaithe maidir le sábháilteacht gáis.
- Oibríocht foriomlán na scéime Suiteálaithe Cláraithe Gáis.
- Gníomhaíochtaí forfheidhmithe ar nós ionchúisimh in aghaidh suiteálaithe neamhchláraithe gáis.
- Athbhreithniú ar achomhairc ó iarrthóirí faoi chinntí clárúcháin ag an GSSB.
- Athbhreithniú ar achomhairc ó dhaoine faoi láimhseáil gearán GSSB.
Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun Suiteálaí Cláraithe Gáis a fháil:
- tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin RGI
- call (091) 480974
- email gasinfo@rgi.ie.
Oibreacha gáis mídhleathacha
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Scéim Suiteálaithe Cláraithe Gáis /(GSSB) má cheapann tú go bhfuil duine nach bhfuil cláraithe mar Shuiteálaí Cláraithe Gáis ag déanamh an méid seo a leanas:
- oibreacha gáis a dhéanamh
- ag déanamh cur síos orthu féin ar bhealach a thugann le fios go bhfuil siad ina Suiteálaí Cláraithe Gáis.
Déan oibreacha gáis mídhleathacha amhrasta a thuairisciú.
Déan gearán faoi Shuiteálaí Cláraithe Gáis leis an Scéim Suiteálaithe Cláraithe Gáis/an Comhlacht Maoirseachta Sábháilteachta Gáis (GSSB).
Grúpaí páirtí leasmhara
Tugann na coistí seo a leanas comhairle don scéim Suiteálaithe Cláraithe Gáis:
- Is fóram tionscail é an Painéal Ionadaíochta Suiteálaithe a phléann athruithe ar an gCáipéis Critéar Maoirseachta Sábháilteachta Gáis. Éascaíonn IRP cumarsáid idir Suiteálaithe Cláraithe Gáis, an Comhlacht Maoirseachta Sábháilteachta Gáis agus an CRF.
- Déanann an Coiste Sábháilteachta Gáis moltaí faoi thraschur, dáileadh agus úsáid sábháilte ár ngás nádúrtha agus Gás Peitriliam Leachtaithe (GPL) in Éirinn.
- Forbraíonn agus uasghrádaíonn an Coiste Scéime Measúnaithe Gáis Baile critéir don DGA.