Ioncam agus Táillí
Mar an rialtóir, socraíonn an Coimisiún um Rialáil Fóntais rialuithe ar phraghsanna/athbhreithnithe ar phraghsanna do chuideachtaí líonra a fheidhmíonn líonraí gáis agus leictreachais in Éirinn.
Tá sé de fhreagracht ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais a chinntiú go bhfaigheann custaiméirí agus úsáideoirí líonra luach a gcuid airgid agus go bhfaigheann na cuideachtaí líonra luach cothrom as a gcuid gníomhaíochtaí chun an t-infheistiú is gá a dhéanamh sna líonraí.
Rialuithe Praghais agus Athbhreithnithe
Tá sé de fhreagracht ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais rialáil eacnamaíoch a dhéanamh ar na cuideachtaí líonra in Éirinn. Chuige seo, socraíonn an CRF athbhreithnithe ar Phraghsanna nó Rialuithe Praghsanna le srian a chur ar an méid ioncaim ar féidir le ceadúnaithe ábhartha a ghnóthú ó chustaiméirí leictreachais.
Is é ról an CRF custaiméirí a chosaint trína chinntiú go gcaitheann na cuideachtaí líonra airgead custaiméirí go cuí agus go héifeachtúil chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar agus an t-infheistiú is gá a dhéanamh i mbonneagar.
Baineann an Coimisiún é sin amach trí:
- trí chóras rialú praghsanna cúig bliana a chur i bhfeidhm
- athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar ioncaim bliantúla
- na táillí a shocrú a ghearrtar as an gcóras a úsáid
- athbhreithniú a dhéanamh ar tháillí líonra eile agus iad a fhaomhadh